Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Teach feirme - tógáil ba, muca, caorach. Ag díol lódaí móna agus fáilte i gcónaí roimh lucht siúil - Kit na Bó, Paidí Thoraigh. An obair a bhíodh ar siúl le eallach agus caoraigh. Bhí a hathair ag coimhead na habhann ina raibh bradáin. An saothrú a bhí ag a hathair, ainmhithe, móin, cearca, lacháin, bhí go leor acu. | 00:06:36 | |
A deirfiúr Nóra ag imeacht na Lagáin, bhí a deartháir, Pádraig, ag obair go háitiúl. | 00:01:45 | |
Fostaíodh í féin go háitiúil i bhFothair agus ar an Bhaile Mór nuair a d'fhág sí an scoil , ag obair le eallach, muca agus préataí. Bhí an obair crua. An pá a bhíodh aici. | 00:03:05 | |
D'oibir Peigí i nGleann Bheatha i sean bheairic i rith aimsir an chogaidh ag gníomhaire talún, dárbh ainm Butler, ag amharc i ndiaidh páistí agus obair tí. Chaith sí dhá bhliain ansin. | 00:02:05 | |